Na mairbh ag teacht ar ais chun tsaoil seo agus an dóigh le labhairt leis an mharbhán. Dá mbíodh fear a thug fáinne do bhean tar éis bás a fháil agus é a theacht ar ais, deirtí leis “Cuirim ceist ort in ainm Íosa, an é duine saolta tú ná gill nó c’fhad ó d’fhág tú an saol seo?” ‘Gill’ a thugtaí ar an mharbhán. Bhíodh slat saileoige agat gan craiceann air agus dhéantaí ciorcal lena dhul isteach ann. Shíntí an fháinne chuig an mharbhán leis an tslat.